School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí baintreabhach bocht ann timcheall céad bliadhain ó shoin. Bhí sí 'na cómhnuidhe in aice le feirmeoir saidhbhir agus do bhí sé sin ana spriúnlaithe. Lá amháin do chuaidh an baintreabhach bocht amach ag bailiughadh brosna agus ní raibh aon coinne aici go stopfadh an fear í. Tháinig sé amach agus d'fhiafhruig dí cad 'na taobh go raibh sí ag bailiughadh a brosna.
Níor fhreagair sí é aon chor ach dubhairt sí leis mar seo:-"Imtheochaidh a stiocfaidh is a dtáinig riamh
ach ní imtheochaidh an grásta go bráth ó Dhia
Imtheochair se agus mise ó'n áit seo
agus bheidh an t-aiteann ag fás 'nár indhiadh