School: Baile Mhúirne (C.)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0331, Page 0471

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0331, Page 0471

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 0471
  3. XML “An Capall Iontach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Capall iontach
    Bhí lanúin ann uair amháin agus do bhí daréag clainne acu. Bhíodar an-shaibhir. Seán ab ainm den duine ab óige acu. Aon lá amháin dúirt sé go rachadh sé amach ag tuilleamh a choda mar go raibh a ndóthan acu sa bhaile. Níor theastaigh óna thuismitheoirí go rachadh sé amach in aon chor ach do lean sé ag achainí orthu agus faoi dheireadh do thugadar cead do. D'imigh sé leis. Tar éis a lán siúlóide do do tháinig sé go dtí pálás an rí agus d'iarr sé obair ar an rí.
    Is é an post a tugadh do ná doirseoir. Bhí iníon ag an rí san ach fadó riamh do thóg na fathaigh leo í go dtí na cnoic agus toisc nach raibh aon mhuirear eile ag an rí bhí sé an-bhrónach ina diaidh agus na seirbhísigh go léir chomh maith leis. Do chuireadar fógra amach á rá dá bhfaigheadh éinne an cailín go bhféadfadh sé í a pósadh agus an pálás féin agus leath an ríochta.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0531: Ferdinand the True and Ferdinand the False
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Shúileabháin
    Gender
    Female
    Address
    Baile Mhic Íre, Co. Cork
    Informant
    Siobhán Bn. Uí Luasaigh
    Gender
    Female
    Age
    67
    Address
    Baile Mhic Íre, Co. Cork