School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé féin agus an cailín agus an capall síos ann. Bhuail sé an osgailt leis an slaitín draoideachta agus do dúnadh an poll ach amháin áitín beag chun aeir do leogaint isteach cúchu. Ní cheapfadh aoinne gur deineadh poll riamh do.
Tar-éis tamaill d'airigheadar na capaill ag dul thar an áit agus bhí a fhios acu go rabhadar saor ar feadh tamaill pé sgéul é ach ní raibh socair acu fós ar conus a thiocfhaidís amach as an áit agus dul abhaile ag trial ar an rígh. Rud eile bhí ocras ag teacht ortha ach ba ghéarr gur dhein an buachaill an sgéal sin a réidteac mar labhair sé leis an slaitín draoidheachta agus d'órduig sé do biadh a thabhairt dóibh.
Tháinig bórd amach i lár na cistineach agus tháinig an uile shaghas bídh agus dig amach air.
D'itheadar a ndoitin agus ansan do mhaireadar go suimneasach le chéile as san go dtí lá a mbáis.- Collector
- Cáit Ní Suilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Informant
- Bn. Sheáin Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 67
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork