School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0328, Page 142

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0328, Page 142

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 142
  3. XML “Scéal Dhiarmada Mheirgeach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear bocht 'na chómhnuidhe in Uibh Laoghaire uair. Diarmuid Mheirgeach a tugtaí air. Ní raibh aoinne 'na chómhnuighe leis ach a mháthair .i. Seana Pheig Mheirgeach. Bhíodar beó bocht agus bhí a n-áit cómhnuighthe tímcheall naoí míle ón séipéal i dtreó gur b'anamh a théighdís ann. Dubhairt Peig le Diarmuid gur b'é an chúis go raibh an mí-ádh ortha toisg ná théighdís ar Aifreann. Dubhairt Diarmuid ná beadh san amhlaidh feasta. Ar maidean Dia Domhnaig siúd leis go dtí an tAifreann. Ag tabhairt seanmóna a bhí an sagart roimis. B'é an céad rud a chualaidh sé an sagart á rádh ná - "Pé rud a thabharfá don Eaglais thabharfadh Dia dhuit ar a dhúbailt é." Chuaidh sé abhaile agus d'innis dé an scéal do Pheig. Nuair a airig Peig é do chómhairlig sí do an t-aon bó amháin a bhí acu
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1735: “Who Gives his Own Goods shall Receive it Back Tenfold.”
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Mhurchadha
    Gender
    Female
    Address
    An Doirín Álainn, Co. Cork
    Informant
    Pádruig Ua Murchadha
    Gender
    Male
    Address
    An Doirín Álainn, Co. Cork