School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)duine uasal margadh leó. Gheall sé dóibh dá ngoidfeadh duine aca an braithlín lín a bheadh fé sa leabaidh an oidhche sin go sgaoilfeadh sé abhaile iad saor. Thosnuig an duine b'óige dhíobh ar ullmhughadh i gcóir na h-oidhche. Bhí seanduine ins an mbaile ceadhna marbh agus do cuireadh é an tráthnóna san. D'imthig an gaduidhe agus thóg sé an corp agus annsan d'fhan sé go dtí go raibh an duine uasal agus a bhean imthighthe a codhladh. Annsan fuair sé an corp agus chroch sé suas é lasmuigh dé fhuinneóg an tseómra in a rabhadar in a gcodhladh. Bhí gunna ullamh ag an duine uasal istig agus cómh luath agus a chonnaic sé an corp amuich do leig sé urchar leis agus do leag sé é, síos sa talamh. Annsan cheap sé go raibh an gaduidhe marbh aige agus amach leis chun é chur i dtreó is ná beadh fhios ag aoinne gur mhairbh sé é. Bhí(continues on next page)
- Collector
- Siobhán Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Address
- An Doirín Álainn, Co. Cork
- Informant
- Pádruig Ua Murchadha
- Gender
- Male
- Address
- An Doirín Álainn, Co. Cork