School: Bárdínse (roll number 12399)

Location:
Barr Duínse, Co. Cork
Teacher:
Cáit, Bean Uí Riórdáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0327, Page 283

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0327, Page 283

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bárdínse
  2. XML Page 283
  3. XML “Paidir le linn Dul a Chodladh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Luighimís le Dia is éirighimís le Muire, gabhaimís Diar mar athair agus Muire mar mháthair, flathais Dé mar dhúthaigh is ní umhluíghimíd do'n áirseóir. Go mbeannuighidh Dia dhuit a mháthair go mbeannuighidh Muire dhuit is Pádruig. Cad na thaobh ná codlann tú a mháthair mar ná féadaim é a ghrádh ghil. Cad na thaobh san duit a mháthair. Aisling a deineadh tríom shuan dom ar marcach caol cíor dhubh ar each caol ruadh. A shleadh dhearg na dheas láimh chun é sháthadh trí chroidhe an rí ghlórmhair. Fuil cómhachta atá le dortadh amáireach. Is fíor é d'aisling a mháthair. An té mhachtnóchadh ar seo trí n-uaire taréis luighe ar leabaidh shuain do gheobhadh sé flaithis Dé gan duadh agus bheith ag mo ghualainn-se go bráth.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhuinnín
    Gender
    Female
    Address
    Na Millíní, Co. Cork
    Informant
    Síle Bean Uí Loingsigh
    Gender
    Female
    Age
    65
    Address
    Na Millíní, Co. Cork