Scoil: Bárdínse (uimhir rolla 12399)
- Suíomh:
- Barr Duínse, Co. Cork
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Riórdáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bárdínse
- XML Leathanach 167
- XML “An Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)éis líonadh sar ar éirigh leó é do shroisint.
Do chuaidh an fear in-áirde ar chrann do bhí ann agus do rug sé leis an dá leanbh, acht ní bhfuair an bhean aon t-seans ar í féin do shábháil. Do sgiob an tuille í féin agus an leanbh.
Níor éirigh leis an bhfear an dá leanbh do shábháil agus do thuit duine aca isteach san tuille uaidh, agus do bádhadh é. D'fhan sé annsan go maidean agus do bhí an clagar chómh h-árd le riamh, agus an tuille chómh h-árd agus do bhí sé aréir roimis sin.
D'fhan sé ann go dtí an tráthnóna gur stop an clagar agus gur thráigh an tuille. Nuair d'fhéach sé uaidh ní raibh aon tuairisg ar an dtig do bhísé sgiobaithe ag an dtuille.
Do bhailigh sé leis agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ua Críodáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- An Inse Mhór, Co. Cork