School: Carraig an Ime (roll number 4457)
- Location:
- Carriganimmy, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Luasa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carraig an Ime
- XML Page 043
- XML “Béaloideas - An Aimsir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is iol-aigeanta an earradh an aimsir, agus is mo Cleas a tairingean sí chúichi, o am go h-am, uaireanta mar maithe le dhaoine, ach ní minichi san na mar lom-uilc orta. Tá sean-fochal airithe a dheir go ngéillean an aimsir dh'a chéile, ach 'n-a coinnibh sin anonn, tá sean-fhocal eile a dheir go mbhainean an aimsir sasamh dh'a chéile, i gcas nach iongna annsó agus droch-shíon againn go minich nuair na fuil an aimsir fhéin sochair 'n-a h-aigne ar cadh air gur mait dhí stadh. Tá shéan-fhochal eile fós a dheir: "Tá'n tu cómh hataruigteach í t-aighne le lá Márta". Agus seo sean-fochal eile a thagran dho lá Marta. "Is mó cor a cuirean Lá Marta dhé," agus dha mbheadh a tuille achu ag taghairt dho'n lá ceadhna agus a minichi a ataruigheann sé a aigne, niorbh fheidhir aon ceann achu a sharughadh. Bhíon Lá Marta 'n-a Samradh(continues on next page)