School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 163

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 163

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 163
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Seo sgéalta d'airigheas i dtaobh neithe do choimhacthas.

    (continued from previous page)
    na marbh go léir." ar sé. "Sin é do teastuig uaim" arsa an fear eile. "Taím le céad bliadhan ag siubhal an bóthar so feacaint an gcasfaí duine liom a dearfhadh an méid sin agus níór casad aoinne iomam go dtí anoct. Cuireadh an pionós san orm" ar seisean "mar nuair bhíos-sa inm bheataig is minic go bhfuaras gal thobac ó dhuine agus níor ghuidheas riamh ar na marbhaíbh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Seo sgeal eile d'airigheas i dtaobh...

    Seo sgéal eile d'airigheas i dtaobh anfha (anaithe) do fuair fear de mhuinntir Súilleabháin do chómhnuigh i mbarra an bhárrlinn oidhche nuair bhí sé ag dul abhaile. Ceann des na Craithíg dob eadh é agus fir dob eadh iad nâ cuireadh an diabhal féin eagla orra dá mbuaileadh sé iompa.
    Bhí an fear so ar aonach Bheanntraí ag díol bó. Aonach na Samhna dob eadh é agus níor dhíol sé í mar bhí an t-aonach go h-olc. Thiomáin sé amach barra na sráide í agus leig sé di bheith ag bainnt an bhaile amach. D'fhill sé ar an mbaile mór arís chun greim bidh d'ithe. Nuair chuaidh sé abhaile bhí sé 'n oidhche agus ní raibh an bhó roimis. Amáireach do thóg sé leis a mhaide agus chuaidh á cuardach. A tuairisg ní bhfuair sé go raibh an oidhche tagaithe air. Do casadh fear air ag Droichead an t-Snámha a dubhairt leis go raibh a leithéid ag Concúbhair Ó Seadhgha, fear do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish