School: Caolchoill (roll number 16087)
- Location:
- Kealkill, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caolchoill
- XML Page 144
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“San t-sean-aimsir bhí smacht dian ag gach athair agus máthair ar a gclann.”
(continued from previous page)muinntir cleamhnas do dheanamh dóibh bhidís ag púirthig agus ag séideadh na hadhairce chum iad do chrádha. Ar an gCaolcuill do dheintí amrán dóibh siúd nár phós agus ghlaodhtaí "The Skellig List" air.(no title)
“Cois teine nách mór gach oidhche san nGeimhreadh nuair bhíodh na buachaillí bailighthe le chéile...”
Cois teine nách mór gach oidhche san nGeimhreadh nuair bhíodh na buachaillí bailighthe le chéile i dtig éigin iseadh do hínnstí ná sgealta i dtaoibh an phúca, agus na neithe do chonnacthas in a leithéid seó nó a leithéid siúd d'áit agus go ndeintí tagairt dos na sidheóga act ní hé sin an ainm do thugtaí orra act "Na Daoine Mhaithe. Deireadh na sean-daoine nár cheart sidheóga do ghlaodhach orra, agus ní baoghal ná go bhfaigheadh garsún nó cailín bheag batráil bhreágh da gcloiseadh a nathair nó a mathair iad ag glaodhach aon ainm eile orra ach na Daoine Maithe. Deirtí gur ins na liosanna iseadh bhídís agus gur o'n a do-deug istoidhche go dtí glaodhach an choillig - a trí a chlog ar maidin - an t am go mbidís amuig. - acht ná beadh duine saor uatha ó théigheadh an ghrian fé um thráthnóna go mór mór nuair beadh tuitim na h-oidhche ann. Ba dheacair a deanamh amach cé'r bhiadh féin acht b'é an gnó is mó do bhíodh ar siubhal aca ná ag sciobadh(continues on next page)