School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 133

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 133

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 133
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    San t-sean-aimsir bhí smacht dian ag gach athair agus máthair ar a gclann.

    San t-sean-aimsir bhí smact dian ag gach athair agus máthair ar a gclann. Ní baoghal go mbíodh rinncí acu gach oidhche Dómhnaigh. Ní bhíodh cead a gcos agus cead bóthair acu an tráth agus ní feictí cailiín taobh amuigh dá doras féin tar éis tuitim na h-oidhche ó Luan go Satharn ná ó Satharn go Luan act nuair a cuirtí í ar theactaireact go tig cómharsan agus 'b annamh é sin. Annsan ní baoghal go mbíodh sí na h-anonar; bhíodh a máthair, nó a dearbhráthair léí.
    Ní bhíodh buachaillí agus cailíní ag suiridhe mar ní gheibdís an chaoi air. Ní castaí ar a chéile iad ach gach Domnach nó lá saoire ag dul nó ag teact ó Aifreann agus nuair do bhíodh cuid aca tar éís sé mhíle do bhóthar do chur díobh ag siubhal go dtí an t-Aifreann agus sé mhíle eile le cur díobh aca abhaile agus a mbolg follamh is beag an fhonn suirighe do bhí orra. Bhuaileadh buachaillí agus cailíni an gleanna uime chéile ar meithealca lín agus meithealaca phrátaí agus ama eile mar sin act bhíodh maoirseact dhian orra agus chaitheadh cailíní no buacailli iad féin d'iompar i dtig an fhir thall cómh maith a's dá mbeidís i dtig a n-athar féin. Dá suidhefheadh cailín ar ghlúinibh buachalla an tráth úd do baistfí striapach mar ainm uirrí láithreach. Mara mbeadh dearbhráthair léi ar an meithil agus go bhfanac cailin tamall de'n
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish