School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 100

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 100

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 100
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí aon dream amháin ná cuirtí i reilg fadó...

    (continued from previous page)
    agus ar an mbóthar abhaile dhí gur saoluigheadh leanbh di in áit ar a nglaodhtar Beárna an Adhmaid agus gan duine léi do thabharfhadh cabhair ná congnamh di; go raibh oct míle de shlíghe le cur di aice sar a shroifead sí an baile; gur bhailig sí chuici an leanbh na sgiorta agus beartanna beaga eile ar drom aice agus nár stad sí gur shrois sí an baile, cé gur chaith sí dhá mhíle de cnoc acharnach do chuir di. Ní feidir liom cuimhneamh anois cad dob ainm dí ach is dóígh liom cé ná fuilim deimhinightheach de gur bean de Mhuinntir Chonnaill dob eadh í. Ach bféidir ná leigfheadh na fir leó é. Ta fhios agam nuair théíghead mo sean-athair - an fear do mhair go raibh sé cead agus trí bliadhana deug - go Beanntraighe go dtógadh sé corán, gallóg agus téad leis; go mbainfheadh sé beart aitinn i gcóír an chapaill i dTrian-na-Madraí áít atá le hais Droichead-na-Siorruidhe agus go dtogfhadh sé é ar a dhrom abhaile leis i dteannta pé rudaí beaga eile a bhíodh aige á mbreiht abhaile ón sráíd. Ní uair na dó do dhein sé é sin "Bat-an-Ghleanna an leas-ainm do glaodtaí air. Do mhair sé trí aimsir an ghorta do rug saoghal doct, cruaidh, ocrach air agus mar a deireadh sé féin bhí sé ag obair ón lá go raibh sé ábalta ar cos do leigint fé.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish