School: Caolchoill (roll number 16087)
- Location:
- Kealkill, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caolchoill
- XML Page 093
- XML “Cill Mac Comóg”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cill-mac-Comóg nó Cill-mo-Chomóg agus cuir Liag teampall ar bun san áít ar a dtugtar Drom-dá-Liag. Bhí na trí teampaill seo i líne díreach ar aghaidh a chéíle no i ndiaidh a chéíle ó Teampaillín Fiacna go Drom-dá-Liag. Deir daoine gur bé an ainm do bhí a a n-athair ná Abhabháin agus toisg go raibh sé chum an triúr do bháhadh san abhainn gur uaidh do fuair an abha a eirigheann i gCéím-an-Fhiadh agus a scéidheann isteach sa bhfairrge i mBéál-Átha-Lice a h-ainm. Pé ainm do bhí an an bhfear ní doca gur uaid do fuair an abha san a h-ainm. Siad na trí -h-aibhne a sceidheann isteach go Cuan-Baoi sa taobh thoir theas di ná, Abha an Mhealaig, An Abhabhain nó an "Aba-mheadhoin" agus Abha - Chúm-na-Fheola. Sí an Abhabháín an ceann lár-baill agus sé is dóíchighe gur ó'n bhfocal meadhon nó meadhoónach do fuair sí a h-ainm.
(no title)
“Deich mbliadhna agus dachad ó shoin agus roimis sin is dhócha bhí a lán daoine sa pharóisde seo...”
(XVIII)Deich mbliadhna agus dachad ó shoin agus roimis sin is dócha bhí a lán daoine sa pharóíde seo ceapaidhthe ar cead d'fagháíl ón sagart chum reilgí do bheith acu 'na mbailtí feín mar ní leigfheadh eagla dhóíbh aoinne do bhain leo do chur i dTeampall Cill-mo-Chomóg. Ní éisteóchadh an sagart leó ámh. Bé an rud ba bhun leis sin ná go bhfuarathas amach go rabhthas ag tógaint ná gcorp as an reilg. Bhíothas á dtógaint ibhfad sar a fuarthas amach é agus seó mar fuarthas amach ar dtúis é.(continues on next page)