School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 067

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 067

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 067
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Seo scéal d'airigheas ó fear atá na mhaor nó ina stíobhaird ar an mbóthar sa cheantar seo.

    (XII)
    Seo sgeal d'airigheas ó fear atá na mhaor nó 'na stiobhaird ar an mbóthar sa cheanntar so. Liam Duffy is ainm do. Sgeal i dtaobh buachaill sgoile agus an freagra do thug sé ar cigire sgol uair amháin.
    Sa cheanntar so tímceall cheithre fichid bliadhain ó shoin do bhí cigire agus bhí sé de bhéas aige nuair théigheadh sé go sgoil chum na scoláirí do chur fé scrúdúghadh go gcuirfheadh sé ceisteanna orra ins an dTeagasg Críodaidhe. Chuaidh sé isteach i scoil lá agus d'réir an clár tráth ba cheart go mbeadh na scoláirí ag foghluim Teagasg Críosdaidhe nuair do chuaidh sé isteach ach ní rabhadar. Reíce dob eadh an máighistir scoile agus níor tháinig lá air ach lá go mbíodh sé ar bog-mheisge. Bhí saoghal breágh ag na scoláirí agus i dtaobh Teagasg Críosdáidhe do mhúineadh ní baoghal gur bhac an maíghistir leis. Ach anois agus arís nuair a bhíodh súil aige go dtabharfhadh an sagart paróisde cuaird ar an sgoil chaitheadh na scoláirí aon caibidiol amháin d'foghluim ach ní raibh le foghluim ag gach garsún ach aon fhocal amháin. D'foghluimígheadh an chead bhuacaill sa rang an chead cheist agus an dara bhuacaill an dara cheist agus an triomhadh buachaill an tríomhadh ceist agus mar sin dóibh. Bhí a cheist féin foghluimhtha ag gach buacaill. "Cim" arsa an cigire "ná múintear aon Teagasg Críosdaí annso." "Ó go deimhin múintear" arsa an máistir. "Feiceam" arsa an cigire
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish