School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 065

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 065

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 065
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Áit eigin le hais baile Caislean-Bhéara do chómhnuig fear...

    (continued from previous page)
    Chaith sé amach ar an mbórd é. Bhí triúr ban ag suidhe chum búird na theannta agus nuair a chonnacadar cad do dhein sé bhí gráin acu air. D'eirigheadar ón mbórd gan greim eile do bhlaiseadh agus d'fágadar an tseómra.
    Cheap Conchubhar gur biad so nósa muinntear na Cathrach agus deirigh sé ón mbód agus siúd amach na ndiaidh é. Ní fios ar bhlais sé greim bídh an lá san.
    Do thárla go raibh san dtig ósda ceadna fear do bhí chómh breóidhte sin nár bhféidir é thógaint go dtí an dtraslann. Thagadh dochtúir isteach á fheiscint gach lá agus thagad banaltra isteach gach oidhche chum aire do thabhairt do. Chuaidh Conchubhar a chodladh tímceall a deich a chlog agus is ró geárr do bhí se i leabhaidh do nó gur tháinig an banaltra isteach san tseómra codhladhta 'na raibh sé. Banaltra nuadh dob eadh í agus bé seo an chéad oidhche aice agus síl sí gur sa seómra seo do bhí an fear breóidte.
    Thóg sí an t-éadach leapthan anuas de, diompuig sí ar a cliathán é agus thug sí a aghaidh ar an bhfalla agus dárduig sí suas a léine dá dhrom. Bhí mias uisge a bhí lán de sobhal aice, agus uirlis cosamhail le píob ná láimh. Chuir sí gach braon den "prugóid" a bhí sa mheis isteach na bholg leis an bpíbh. Ní gádh innshint cionus a dhein sí é sin.
    Níor cuir Concubhar giocs ná miocs as fhaid a's bhí sí ghá dheanamh mar cheap sé gur cuid de nósa
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish