School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 064

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 064

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 064
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Áit eigin le hais baile Caislean-Bhéara do chómhnuig fear...

    (continued from previous page)
    iarraidh do chur ar na fearaibh ba threise do bhí le fagháil i mBeanntraighe chum é leagadh agus do cheangal agus mar a bheadh gur deineadh san ná féadfaí é cur isteac i gcráisde na traenach go deó.
    Nuair shrois sé Chorcaig agus nuair do tháinig sé amach as an dtraen agus a mhála beag leathair na láimh aige do léim triúr nó ceathrar de bhuacaillí chuige - staracairí maithe láidre do beadh iad agus bhíodar a gceathrar ag cainnt in aonfheact agus sé do bhí ag gach duine acu 'ghá rádh ná - "Give me your bag sir." I'll take ye'r bag sir." Níor thuig Conchubhar boct cad do bhí ar siubhal aca mar ní raibh focal béarla aige, acht nuair do thug aon stracaire amháin fé bhreith ar an mála uaidh do thug Concubhar dorn sa phus do agus má thug do léim ceann de bhligeardaí na cathrach agus buaileadh Concubhar agus bhuail fear eile eisean agus buaileadh an fear san agus fé cheann dhá neómat ní raibh fear, bean ná páisde do bhí ar an stáisiún ná raibh ag pleanncadh achéile agus ná feadaradar a leath cad ba bun leis. Chómh luath agus fuair sé caoi air déaluig Concúbhar leis féin ó'n stáisiún agus bhain sé amach tig ósta. Dórduig sé a dhínnear agus sé an rud do cuireadh ós a chómhair ná pláta súip.
    Rug sé ar spiún agus thóg sé braon de act níor bhlais sé riamh éinnídh mar é. Dá bhfaigeadh sé ór an domhain ní fheadfhadh sé e shlugadh siar.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish