School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 061

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 061

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 061
  3. XML “An Gadaí Glic”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Nác anois díreach a' bhís ag gabháil dom." "Mise" ar sé. "Tusa gan amras" ar sise. Chuir sé a lámh fé agus bhí an bratlín imthighthe. Chait sé admháil sa deire go raibh buaidhte ag an ngadaidhe glic air. Bhí náire chómh mor san air gur fhág sé féin agus a bhean an áit agus d'fág sé an tig agus an stoc agus an stór agus a ingean na dhiaidh. Phós Seán an ingean agus mhaireadar go seascair, sásta.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Áit eigin le hais baile Caislean-Bhéara do chómhnuig fear...

    Áit éigin le h ais Baile-Caislean-Bhéara do chomhnuig fear aon uaire amháin. Fear de mhuinntir Seághdha do beadh é agus Concubhar dob ainm do. Batseleár dob eadh é. Bhí feirm mhaith aige agus bhíodh sé ag díol a's ag ceannach agus fear saidhbhir dob eadh é nó ar aon chuma bé sin tuairim na gcómharsan.
    Thagadh na buachaillí sa cómharsanacht ag scoruidheacht ann gach aon oidhche. Sa chainnt dóibh oidhche amháin d'fiafruig ceann de's na buachaillí dhe an raibh sé riamh i gCorcaig. "Ní rabhas agus sé is dóichíghe ná raghadh ann leis." arsa Cóncubhar. "Is mór an tamadán tú" ara buacaill eile "ná téigheann ann.
    Deirtear go bhfuil cailíní breághtha ann agus n'feadaraid nó gurbh amhlaidh eireóchadh leat ceann acu do mhealladh anuas leat. Chrudhfeadh sí na ba dhuit, dollamhóchadh sí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish