School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 039

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 039

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 039
  3. XML “Na Sióga”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    do bheith aca do ghearradar phíosa dá chorp, go raibh sruthán fola ag rith as – agus gur leanadar de mar sin go raibh an smioda déanach bainte anuas dhá cnámha aca.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Suas le ceithre fichid bliadhain ó shoin bhí duine bocht...

    Suas le ceithre fichid bliadhain ó shoin bhí duine bocht na cómhnuidhe ar an gCeapa–mBuide
    Brianach dob ainm do. Bhí tigín beag ar thaobh an bhóthair aige agus muirighín mhór air.
    Sclabaidhe nó buachaill aimsire dob eadh é agus ní raibh de thuarastal aige acht réal sa ló.
    Ba dheacair do gan dabht muirighín mhór do cothúghadh ar an bpágh san. Maidean amháin agus é ag dul chum a chuid oibre do fuair sé ar an dtaobh amuigh dá dhoras féin ar an mbóthar cheithre chéad púnt ag cailleamhamt agus má fuair do choimeád sé é. Nuair do fuarathas amach cé chaill é dubhairt gach eínne gur dhein sé an ceart mar gadaidhe do caill é agus deiread na sean daoine:-
    “Gur goid gan peacaí goid ó ghadaidhe.
    Bé an fear do chaill an suim airgid seó ná gadaidhe dar bainm do “Paddy Magee”.
    Ó Luimnigh is eadh tháinig sé go dtí an ceanntar seo. Deirtear go raibh sé pósta agus go raibh beirt inghean aige cómh dathamhail de chailíní agus a bhí ag dul isteach go seípeál
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish