School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 025

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 025

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 025
  3. XML “Scéal i dtaobh Airgid i Lios”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ar an nDoire Duibh do chómhnuig fadó - na céadta bliadhan ó shoin - fear do muinntir Mhurthaile.
    Bhí seisear nó mór sheisear de chlann mhac ag an bhfear so agus beirt no triúr aca na nogáinaig. Ní raibh phuinn de shaidhbhreas an tsaoghail seo ag an bhfear gceadhna ná puinn "slapara" air. Bhí trí cínn no cheithre cínn do bhodógaibh beaga aige agus trí cínn nó cheithre cínn do chodhla/cola beaga sa chnoc. Ní raibh aon lá ná téigheadh ceann de's na buachaillíbh go dtí an cnoc chum na ba seasca d'feiscint. Anois bhí sé de bhéas ag an bhfear so nár tháinig oidhche riamh nár chuir sé biadh ar an mbórd nuair a bhí sé ag dul a chodhladh le heagla do dtiocfhadh éinne ó'n saoghal eile isteach.
    An thráthnóna áirighthe seo chuaidh an fear féin chum na cola beaga a bhí sa chnoc d'feiscint mar d'oir do fhios a bheith aige an rabhadar ag teacht ar aghaidh, nó an rabhadar maith a ndóithin i gcóir an aonaig, mar bhí an cíos ag glaochach. Do tháinig an ceó air sa chnoc agus cé gur minic cheana a bhí sé sa chnoc fé ceó do cuireadh amú é an tráthnóna seo. Chaith sé an trathnóna ag siubhal soir agus siar, anonn agus anall agus do theip glan air an casán chum
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish