School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 018

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 018

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 018
  3. XML “Ór agus Airgead i bhFolach”
  4. XML “Ór agus Airgead i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    péirse de'n díg deanta aige agus ag eirighe go maith leis dar leis féin do chuaidh sé ann aon mhaidean amháin agus bhí trí cinn de's na buaibh dob fheárr do bhí aige báidhte istig sa díg. Ní gádh a rádh gur chuir san scannradh air agus ná deachaidh sé a thuille leis an ndíg. Do dhún sé suas arís í[?]
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Agus seo an tarna sgéal:- Bhí buacaill do muinntir Mhurchadha na chómhnuidhe i [?]-na-Leabhar. Bhí sé tímcheall bliadhain agus fiche d'aois, agus ar nós buacaillí na haimsire[?] sin bhí caoirig agus ba seasga aige agus é ag deanamh do féin. Bhí taidreamh aige aon oidhche amháin go raibh sé na sheasamh ar Droichead Charraig-an-Eas agus go dtáinig bean amach as an gCaislean. Do chuaidh sí isteach i ngairdín na mbláth "a bhíodh le hais an droicid fadó". Do chrom sí ar lógóireacht agus i gcionn tamaill do chiunaig sí agus thosnuig sí ag cainnt léi féin agus sé an rud d'airig sé í á rádh ná:- 'Ocón mo brón tá mo chuid óir agus mo phéarlaí néata annso[?] go doimhin fé thalamh. Ó an dtiocfhaidh éinne go deó chum iad d'fagháil dom. Chuir an buachaill sraoth as agus nuair d'airig an bhean é diompuigh sí agus sgeón na súile. Do labhair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish