School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 006

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 006

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 006
  3. XML “Ór agus Airgead i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    phinginn ruadh istig ann. Níor chuir san aon "garrbuaic" ("cora bhuais") orra mar shíleadar ní nárbh iongnadh gur istig sa bhannc a bhí sé aige. Bhí a fhios acu gur ceart do adhmáil ón mbannc do bheith aige agus toisg go raibh sé beagainín greannmhar a'n féin cheapadar gurb amhlaidh do chaill sé é. Chuadar go dtí an bannc lá'r na 'mháireach acht ní raibh tásg ná tuairsg ar airgid ann. Do hínnseadh dóibh nár chuir an fear ceadhna pingin riamh isteach sa bhannc.
    Annsan iseadh thuit an lug ar an lag aca. Bhíodar tar éis é chur agus chaitheadar cailleamhaint leis. Níor thaithn sé sin ró mhaith leó nídh ná loct orra é. Ach cár imthig an tairgead nó cad do dhein sé leis? Bin í an cheist a bhí ag deanamh buadhartha dóibh. Bin í an t-aon cheist amháin nárbh fhéidir leó do fhreagairt nó do réidhteach.
    D'fhan an sgéal mar sin do dtí cúpla bliadhain ó shoin. Tá cúpla páirc siar ó'n dtig nuadh do tógadh blianta ó shoin ann, agus an fear atá na chómnuidhe ann anois do leag sé an claidhe atá idir an dá pháirc chun aon pháirc amháin a dheanamh díobh araon.
    Ag gabháil do'n obair do do bhuail trí nó ceathair de bhoscaibh leis a bhí itte le meirg
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish