School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 005

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 005

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 005
  3. XML “Ór agus Airgead i bhFolach”
  4. XML “Ór agus Airgead i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí trí chead sobhern istig sa stoca act níor airigheas riamh ainm an té fuair é. Nuair a fhiafhruighinn ce fuair é sé deireadh mo athair "A bhligeáird bhfearra dhuit aire thabhairt dod' leabhar" nó "Nár bhuailfihid Dia fios amuth"
    Sé an rud adheireadh an sgéalaidhe "A gharsúin ní fearra dhuit a fhios do bheith agat. Ach tuigeadh dom ámh nár fhan aon lá rath ar an té fuair é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. III
    Tímceall míle nó mar sin ó Scoil na Caolcaille do mair duine de mhuinntir Mhongáin cheithre fichid bliadhain ó shoin. Sé is dóichighe gur i nDrom-Lice-Crúdh do mhair se. Níor phós sé riamh agus bhí ráfla amuigh air go raibh a lán airgid aige. Bhí a fhios ag á dhaoine mhuinnteartha go raibh os cionn cheithre chead púnt aige acht níor innis sé riamh dóibh ciacu sa bhannc a bhí sé aige no istigh na bhosca. Pé sgéal é nuair a fuair sé bás go chuireadar é go glánta. Aoinne a chuaidh ar an d-tóramh nó san tsochraidh fuaradar a ndoithín le nithe agus breis agus a ndóthain le nól. Bhí go maith act nuair a chuaidh a dhaoine mhuinnteartha go dtí an bosca san áit gur cheapadar an tairgead do bheith ní raibh oiread agus leath-
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish