School: Doire Chonaire (roll number 4845)

Location:
Derryconnery, Co. Cork
Teacher:
Éamonn de Paor
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 401

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 401

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chonaire
  2. XML Page 401
  3. XML “An Ghorta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 'Sé an bíadh a bhíodh ag na daoine in aimsir an ghorta ná báirnig agus píacháin bháin. Do chaileadh carn daoine leis an ocras agus do chuireadh leanbh óg i mBóceárna a fúair bás leis an ocras agus do cuireadh i bpáirc an chorp gan cómhra gan braitlín. Deineadh claidhe anuas ar an úaig gan trúagh gan trócaire agus slán mar a n-innstear é bádhadh an fear a dhein é tamall geárr indhíaidh sin. Tá mórán daoine curtha i mBóiceárna agus tá na h-úaigeanna le feiseint fós, cuid acu go bhfuil clocha ag a gceann agus ag a gcosa. Do thagadh min bhuidhe ón India agus tháinig long ó'n India agus bádhadh í i mbeal an chúain agus í lán go barra agus tháinig fear dubh isteach ar an dTrágha Bán agus do chuireadh i mbarra na trágha é. Núair a bhí an taoide amuigh fúair daoine Mucra agus Bóceárna á dhá dhóthain den mhin bhuidhe. In aimsir an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Neil Ní Shúileabháin
    Gender
    Female