School: Doire Chonaire (roll number 4845)
- Location:
- Derryconnery, Co. Cork
- Teacher: Éamonn de Paor
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíonn cailíní ag imirt púiríní, agus búachaillí ag caitheamh cnaipí agus pinginí agus caidhtí agus cloch airige. Bíonn topaí d'adhmaid ag na búachaillíbh agus bhíodh parcain acu de chrainn truim. Geáraidís píosa tímcheall cúig órlach ar fhaid agus é cómh ramhar le maide siubhail agus scúthaidís amach an stuif bog taobh istig de. Deinidís cipín do ghearradh agus do chaolú i dtreo go rachadh sí isteach sa poll sa parcain agus cnapóg ar thaobh de. Annsan gheóbhaidís píosa páipéir agus chuiridís é fé na bhfíacla agus meileadh síád go maith é agus chuiridís ar cheann an phoill é. Deinidís an rud ceadna leis an gceann eile. Annsan dingidís isteach píosa des na píosí páipéirí agus le brú an aer eatora léimeadh an píosa eile amach le pléasg.
Bhíodh clíabhan éan ann leis.-
Fráma d'adhmaid ceárnógach ceangailte le córdaí nó tairní. Gadaí no córdaí(continues on next page)