School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)

Location:
Trafrask, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 212

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 212

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Page 212
  3. XML “Dealramh an Pharóiste Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tá deall ramh dubh bagartach ar cuid de beannaibh na gCeacain Cnoc Daodh ar an dtaobh thiar de Eadragóbhail. Deirtear gur ó Daod Dia na Feirge do h-ainmnigheadh é. Idir Gleann Garbh agus Eadragabháil tá dhá bheann go bhfuil dealbh cnoc bholcánac ortha Gabhail Mór agus Gabhail Beag. Ar an mbothar ón Gleann Garbh ceapfá go bhfeichfeá an "crater" ar mhullac na Gabhail Móire. Deir daoine gur imeasg na sléibte sin go mór mór ar an aghaidh theas atá an rian is fearr in Éirinn de Ré na Lic Oidhre. Tá aighte na gCarraig go léir sgríobta le linte doimhne agus tá Carraig anuas ar carraig eile comh fluirseach san ann go dtugann gach aoinne fé ndear iad. Tá na barr carraigreacha san cómh neamh-shocair san gur dóig le duine go séidfeadh a anál de druim a chéile iad. Ní bíonn le déanamh ac an lámh do cur ortha cun iad do cur ag corruighe. Níl aon aoirde iongantach ar na sléibte sin i gchompáraid le sléibte Ciarraighe, act istig in a gleannta tá na cúm go fluirseach agus loc ins gach ceann acu agus nuair a bhíonn lá fluich ann is aluinn an radarc iad cumair na sléibte agus a srután sléibhe ag teacht le fánaidh ins gach cumar na cubhar geal bán. Ní foláir no níor deineadh puinn atrú ar deallramh na sléibte sin ó eirigeadar as uct na fairrge act ag a mbun ar taobh na fothana mar a bhfuil comnuidhe ar na daoine is mó atrú atá tagaithe i gcuimnne na sean daoine atá beo fos.
    Ar an gcead dul síos ní mar a bhfuil tuigdas na daonrad anois a bhí comhnuidhe ar furmhór na ndaoine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish