School: An Chathair Gharbh (roll number 13896)
- Location:
- Cahergarriff, Co. Cork
- Teacher: Criostóir Ó Dubhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Conas a Fuair Dúthaigh Bhéarra a Ainm (continued)
“Ba cheart dúinn go léir ana shuim do chur i stair ár dúthaighe féin, pé beag mór í”
(continued from previous page)Ac ní fios cia'cu is círte de'n dhá sgeal agus dá bhríg sin tá an ceist chéadhna 'na chnámh spáirne idir mhuintear na h-áite go nuige seo.
De réir sgeal eile troideadh chath idir Chonn Céad-Chathaigh agus Eoghan Mór fadó agus do tuit Eoghan sa chath. D'fhág sé mach in a dhíaidh agus cuir bean sídhe fé draoidheact é. Do sgiob sí é féin agus an méid d'á luct leanamhna a fágadh beó go dtí Innis Gréigrí i gCúan Baoí. D'fhanadar ann ar feadh naoí lá gur leigheaseadh a luct ochrais agus a n-easláin. Annsan tháinig longa ó Spáinn cun cabhrú leó agus glúais Mach Eoghan go dtí an Spáinn leis na longhaibh. Chuir an rí "Fáilte Ui Cheallaigh" roimhe agus coimeád in a cúirt féin é ar feadh naoi mblían, blían in aghaidh gach lá a chaith sé in Innis Gréigrí. Bhí cion aige ar inghean an ríogh agus aice-se air san. Ní raibh sé de mhisneach aige a sgéal do nochtadh toisg gur deóraidhe bocht é, gan tig, gan talamh. Fé dheire do cúala an rí cionus mar bhí an sgéal eatortha agus dúbhairt sé go mb'fhearr leis, mac Eoghain do bhreith mar chéile ag a inghean na fhear eile ar domhan.
Pé sgeal é pósadh an beirt agus bhí athas ar fúaid na h-áite. Ac cé go raibh maoin an tsaoghal aige bhí úaigneas ar mhac Eoghain(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Fuhur, Co. Cork
- Informant
- Ellen Murphy
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 80