School: Na Haodhraí (roll number 11021)
- Location:
- Eyeries, Co. Cork
- Teacher: Proinnsias Ó Hurdail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Haodhraí
- XML Page 302
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá muintir Suilleabhán sa dúthaigh seo, Béarra, ríamh ó teacht na Nórmánach go h-Éirinn. Ins an ochtú aois déug, do mhair Murtaighe Óg Ó Súilleabhán. Núair bhí sé fásda súas, d'fhág sé an áit seo, agus seo leis go dtí an Fhrannc, mar b'shin é an tráth a bhí na Géadhna Fíadhiane ag dul thár sháile. Chaith sé tréimhse fada i mBreigéad na nGaédhal, agus goineadh é ag an gcath millteach úd Fontenoi. Thagadh sé thár-nais go minic ag bailiúghadh fear san mBreigád agus is mó bád díobh a d'fhág Béul an Chriobháin, agus Claon Daoire. An am sin, bhí tallathóireacht ar siúbhal go réidh annso, agus cheannuig Murtaighe bád fé dhéin na h-oibre. Thóghadh sé olann go dtí an Fhrainnc agus thógadh sé tobach, fíon agus rudaí eile abhaile. Acht fé dheire do rug saighdiúirí Shasna air. Baineadh an cheann de, agus chuireadh é ar spíci ar gheata an phorsúin i gCorcaigh.