Scoil: Na Haodhraí (uimhir rolla 11021)
- Suíomh:
- Eyeries, Co. Cork
- Múinteoir: Proinnsias Ó Hurdail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Haodhraí
- XML Leathanach 300
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear na cómnuidhe ins an áit seo fadó. Gach oidhche raghfadh sé go dtí tig puiblí chun uisce beatha d'fhághail . Aon oidhche amháin bhí boidéal uisce beatha ina phóca. Thuit sé ina chodladh cois teine. Thuit an boidéal amach agus briseadh é. Bhí trí poill beaga ins an úrláir agus do rith an uisce beatha isteach ann. Bhí an fear 'na chodhladh. Tháinig luch amach agus d'ól sé an chéad pholl uisce. Annsan chuaidh sé isteach agus taréis tamall tháinig sé amach agus d'ól sé an dara poll uisce beatha. Chuaidh sé isteach arís agus taréis cúpla neomat tháinig sé amach agus d'ól sé an tríomhadh poll d'uisce beatha. Annsan do sheas sé ina a dhá chois agus dúbhair sé. "Cá bhfuil an cat gur tug íarracht ar mise do marbhú aréir."