School: Na Haodhraí (roll number 11021)

Location:
Eyeries, Co. Cork
Teacher:
Proinnsias Ó Hurdail

Filter stories

Back
/ 329 Forward
Resolution: Low | High
Béaloideas na hÉireann

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0276, Page 299

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sa mblían 1847 bhí fear tréan-láidir timcheall na h-áite seo. Níl fios agam cad é an ainm ceart a bhí air, acht "breek" a tugtaí air mar leas-ainm. Sa bhlían sin, bhí na daoine go léir ag fághail báis in Éirinn leis an ocras. Pé sgéil é, tháinig an fear bocht seo go dtí tig éigin cun an féar do bhaint. B'é sin an slíghe beatha a bhí aige. Núair tháinig sé go moch ar maidin, ní raibh aon rud le n-ithe ag bean a tíghe dó, agus b'éigean do dul amach sa pháirc, agus an obair do thosnú gan aon breacfást.

I gceann tamall maith do ghlaoidh bean a thíghe air chun an bhreacfáise. An biadh seo a bhí le neithe san am san Deiridís císte crúaidh de phlúir dhuibh agus de saghas mine a bhí ann. Ní raibh aon té aige le n-ól ach uisge. Núair d'ith sé a bhreacfást, chúaidh sé amach sa pháirc, agus níor stad sé go dtí go raibh dhá acra dhon féar bainte aige. Ní raibh aon leabaidh aige chun codladh, acht amuigh i seómra éigin gan aon dínn tíghe. Taréis aimsir na dhiaidh sin, fúair an fear sin bás leis an ocras.

Language
Irish