School: Béal an Chrobháin (roll number 11023)

Location:
Ballycrovane, Co. Cork
Teacher:
Tadhg Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0276, Page 282

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0276, Page 282

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal an Chrobháin
  2. XML Page 282
  3. XML “Filí an Bhaile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Mór, Liam Ó Duibhir ó Caolruadh, Dónal Ó Ualacáin ó Cill Cait Iarrainn agus Tadhg Ó Laoghaire. Do dhein Dónal Ó Ualacáin "Rasanna Ciarraige." Tá an cuid is mó den dan san caillte anois. Seo bhéarsa de:-
    "Sé an caise bhí na déig siúd
    A tug cognamh mor do Ciarraighe
    Nuair a bhíodar ag teacht traocta
    Iad féin agus a gcriú"
    Ó Ciarraighe a beadh Tadhg Ó Laoghaire ach is ó'n áit seo a beadh a mhuinntear. Do dein sé dán leis mar geall ar rásanna a bhí i gCiarraighe. Seo an dán:-
    I
    Bhí an léidir í deanamh le dúthracht
    Thar gach plannda dár fás ar Dromáird
    'S níor leogadh aon mhaide ar a drucht léi
    Cun gur sgriosadh an fionn ó na sáil
    II
    A Dia mhór dein séirse breágh gaoithe
    D'aon creideamh, d'aon maoin nó d'aon grád
    D'iad shaoradh, Dia'd taobú, Dia'd caoinleact
    'S an cuid eile de'd dhaoine teacht slán"
    Do dhein Liam Ó Duibhir "Rasanna Baile an Caisleáin." Seo cuid de:-
    "Ó taobh Cill Cait Iarrainn go gluais fé na ndéin siúd
    Beirt bhuana de shíol lucht na gCárthaig
    Peca 'noir 'niar nó adhtuaidh do thriall an Mátaoise[?]
    Is ó'n Poinnte do triall mach na [?]Cáseaig"
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Cárthaigh
    Gender
    Male
    Age
    15
    Address
    Kilcatherine, Co. Cork
    Informant
    Maighréad Ní Urdail
    Gender
    Female
    Address
    Kilcatherine, Co. Cork