School: Urhan (C.) (roll number 12260)

Location:
Urhin, Co. Cork
Teacher:
Eimile Ní Urdail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0276, Page 231

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0276, Page 231

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Urhan (C.)
  2. XML Page 231
  3. XML “Cliamhain an Rí - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    B'é deóinín Dé é go raibh muileann in aice na h-abhann agus do stop an muileann an bosca. Fuair an muilneóir é. Bhain sé an clúdach de agus cad do bheadh ann ach leanbh. Thóg sé an leanbh abhaile annsan chuige féin mar ní raibh éinne clainne aca féin agus do thug sé an leanbh dá mhnaoí le tógaint. Thug sí aire do'n leanbh le cion agus ceanamhlacht go dtí go raibh sé suas 'na buachaill maith.
    Chualaidh an Rí annsan go raibh a leithéid ann arís agus do chuaidh sé go dtí é agus d'iarraidh sé do'n muilneóir an leigfeadh sé an garsún chuir le litir go dtí a thig féin le tabhairt dá inghéan. Dubhairt an muilneóir go leigfeadh.
    Thug sé an litir do'n buacaill agus d'imthig sé d'iarraidh tigh an Rí a dhéanamh amach. Bhí sé ar siubhal i rith an lae go dtí go dtáinig an oidhche air. Chuaidh sé isteach sa choill chun fanamhaint ann go lá. Do chonnaic sé solus istigh sa choill. Dhein sé fé dhéin an tsoluis. Chuaidh sé isteach sa thig. Ní raibh aoinne sa tigh roimis ach sean-bhean agus d'iarr sé lóisdín uirthi.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    AT0930: The Prophecy
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Éalaighe
    Gender
    Female
    Age
    86