School: Urhan (C.) (roll number 12260)

Location:
Urhin, Co. Cork
Teacher:
Eimile Ní Urdail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0276, Page 228

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0276, Page 228

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Urhan (C.)
  2. XML Page 228
  3. XML “An Scealúnach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sidí sgéalúmhnach na Maighdine Glórmhar D'fhág sí sgríobhtha ar leach an mama[?] nuair[?] chuaidh sí a' fiosrughadh a Mic.
    Tháinig an t-Aingeal chúichí á innsint dí gur thóg sí an leach de dhorus an tuama agus gur dhein Mac Dé an dara pearsa Trionóid Ró Naomhta gur n-aiséirghe slán. D'fhág sí súd an sgéalúmhnach go fíor leathan Roimhe gach n-aon do ghlacadh í, do onóradh í agus do choimeadfadh í
    "Cros na n-aingil ar an leabaidh go luighim Braon dá ghrástaibh ar lár ár gcroidhe againn[?] Brat na bhflaitheas go neóchaidh go fairsing ár dTímcheall ag tógaint ceó is smúit na bpeacaidhe seo dinn-ne. Luighim le Dia is go luighe Dia liom; Gabham Dia mar Athair agus Muire mar Mháthair, Flaitheas Dé mar dualgas agus mar súil le na ghrástaibh."
    Aoinne a déarfadh í seo trí h-uaire ar a luighe ar a leabaidh, ar a thuiteam chun suain, gheobhadh sé neamh agus talamh mar dhualgas, flaitheamhnacha mar Suaimhneas agus ní fheicfeadh sé ifreann fuar go bráthach. Níor
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Eilaighe
    Gender
    Female
    Age
    86
    Address
    Ardgroom, Co. Cork