School: Urhan (C.) (roll number 12260)

Location:
Urhin, Co. Cork
Teacher:
Eimile Ní Urdail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0276, Page 227

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0276, Page 227

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Urhan (C.)
  2. XML Page 227
  3. XML “Amhrán - Maidrín Rua”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Amhrán - Maidrín Rua (continued)

    Tá Máire Ní Shéa creactha 's cuid feara d'á dhíol amach

    (continued from previous page)
    (ar lean)
    Ciach agus deachair ort, a mhaidrín ruadh na gcleas
    Nár chuadhais siar ar na barraibh, sa seana-bhall críona shlad
    É thabhairt leat abhaile do mhairfeadh sé mí led' ais
    Is beidh fiadhach ort-sa feasda mar caithfidh tú sgiobadh leat.
    Fán suas chun na gleanna, 's ann atá an talamh mhín iseal dheas,
    Geobhair uain ann gach maidin, bhí faire ar a n-éirghe amach,
    Geobhair géana, 'gus cearca, 'gus lachain ar lín le n-ais
    'Sná bhíonn buadhairt ort ná mairg, fan treasna na bhfír ó dheas,
    Soir chun na Ceachan is treasna chun Cúm na Leach,
    Chun Rochuns[?] na Dreapa 'gus Gleann Inse Chuinn ó dheas
    Is ar m'lúach má castar thú, i gcaitheamh na h-oidhche ann stad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Éalaighe
    Gender
    Female
    Age
    86
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Ardgroom, Co. Cork