School: Urhan (C.) (roll number 12260)

Location:
Urhin, Co. Cork
Teacher:
Eimile Ní Urdail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0276, Page 214

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0276, Page 214

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Urhan (C.)
  2. XML Page 214
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Tá caillte ar ceal uisge. An té do dhéanfadh poll thuas i gceann na sráide in aice na faille, do thabharfadh an poll sin uisge don chathair."
    Do bhí an lá ag gealad annsan air agus sé an chéad rud a dhein sé ná an drucht a chimilt dá shúile agus do tháinig a radairc dho cómh maith le riamh. An tarna rud a dhein sé - do pioch sé billeóga an chrainn agus do líon se a phócaí díobh agus d'imthigh se abhaile annsan. Nuair a chuaidh se abhaile do bheirbhig sé na billeóga im braon uisge agus do dhein sé fé dhéin tighe an Rhiogh annsan. Dubhairt sé leis an Rí go raibh sé ag teacht cun a ingin do leigheas Do bhí an Rí ag gairidhe fé ach dubhairt sé leis triall do thabhairt do. "Mara leighisfur í" ars an Rí "bainfidh mé an ceann díot." 'Má leighfead í ars an buachaill a bhfuighead le pósadh í ?" "Gheobhair" ars an Rí. Do thug sé dhí braon don uisge a bhí sa ghalún I gceann tamaill eile thug sé dhí braon eile Nuair a bhí an triú braon
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Language
    Irish