School: Urhan (C.) (roll number 12260)
- Location:
- Urhin, Co. Cork
- Teacher: Eimile Ní Urdail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Urhan (C.)
- XML Page 212
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí triúr dearbhrátharacha ann agus d'imthigheadar an triúr in einfheacht ag cuardach a maireachtaint.
Dubradar le na chéíle bheith ar an gcrois seo áirithe i gcionn bliana feachaint cé acua bhfearr a dhéanfadh.
I gcionn na bliana do ghluais gach aoinne acu dé dhéin na croise ag teacht abhaile dóibh. Nuair a thánadar go dtí an crois do chuireadar cainnt ar a chéile agus d'fhiafruigheadair dá chéile an mór a bí spártha acu t'réis na bliana.
"Ní'l aon nídh agam sa" arsa duine acu. Ní'l aon leath phingin agamsa" arsa duine eile. Ó fhéach, tá an méid sin spártha agamsa" ar san tríú duine.
Cad a dhein an bheirt ná raibh aon phingin achu ach an dhá shúil do phiocadh as fear an airgid agus a phóchaí do phiocadh annsan. Do chuireadar isteach sa choill annsan é agus d'fhagadar ann é.
Amach san oidhche dho, do chuala sé na priacáin ag cainnt le na(continues on next page)