School: Urhan (C.) (roll number 12260)
- Location:
- Urhin, Co. Cork
- Teacher: Eimile Ní Urdail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Urhan (C.)
- XML Page 168
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amhain bhí buachaill agus cailín ana muinnteardha le chéile agus bhiodar chun póstha. Annsan do phós an buachaill san, cailín eile agus nuair a phós sé í fuair an chéad cailín bás ó croidhe briste nuair na phós an buachaill í.
Aon oidhche amain tar-eis i bás do tháinig sí chun an bhuachalla ag d'fhiafruigh sí de an raibh sé na chodladh. Dubhairt an buachaill na raibh se. Annsan dubhairt sé lei. "Na fuairis-se bás agus d'fágas an saoghal sa
Agus tá bolaithe na h-uaige ar úraibh do beal
Annsan dubhairt sí leis, "Ma fuaireas-sa bás níor fhágas an saoghal-sa.
Agus do thanaigh cughat-sa go luthmhar eadrtom
A d'iarraidh liom-sa mar [?] ró céile
Agus gur fhághas mo mhuinntir go dubhach am aonar
Annsan dubhairt an buachaill lei
"Geoghair-se sin agus ní mar maitthe leat-féin é
Ach ar eaghla m'anam ar pheaca na péineach
Tabhair dam uain go socróchaidh me m'anam leis an eaglais naomtha agus nosfad brígh mo sgeal do
Fuair sé uain agus b'éígin dó dul léi