School: An Chathair Mhór (roll number 13249)

Location:
Knockroe Middle, Co. Cork
Teacher:
Donncha Ó Súilleabháin

Filter stories

Back
/ 333 Forward
Resolution: Low | High
Scéílín Eile mar Gheall ar Owen Buí

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0274, Page 207

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí Owen Buidhe athair Mhuireann a mhaireactaint i nGleannaráth agus bhí sé in a shuidhe lastuas dá tig tráthnóna Domhnaig agus bhí marcach ag teacht i leith Sean-bhóthar cnochán Scríobhógach agus bhíodar ag féachaint air. Bhí an duine aca gá rádh gurab é an fear so é agus agus doine eile gá rádh gurab é an fear úd é. Agus bhí Owen Buidhe ag éisteacht leó. Fé dheire do labhair sé agus seo a dubhairt sé.

I bhfad cughaibh an mearú tá oraibh go léir
Ar amarcha an mharchaig ag teacht i gcéin
Agus each, súgach, mear, lúthmhar, máíseach fé
Is ní feadarabhar nách barún ó Nápils é.
Bhí Owen ag dul go Baile Chaisleáin nó áit éigin as baile lá. Agus do buail duine eile leis. D'iarr sé an diallait ar Éóghan.
"Téirig go dtí an tig" ar seiseann "agus tabharfaidh Muireann an iallait duit."
Níl aon giorta san iallait arsa Muireann agus gabh sé leath-sgéal ná raibh teine ná biadh aice. Do bhuail Owen Buidhe roimis an fear agus é ag teacht abhaile airís.
"An bhfuairis an iallait" ar seiseann

(continues on next page)
Collector
D. Ó S.
Gender
unknown
Informant
Peats Thaidhgín
Gender
male
Language
Irish