School: An Chathair Mhór (roll number 13249)

Location:
Knockroe Middle, Co. Cork
Teacher:
Donncha Ó Súilleabháin

Filter stories

Back
/ 333 Forward
Resolution: Low | High
An Chathair Mhór | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0274, Page 206

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Théigheadh Muirionn ó áit g h-áit. Uair a bhí sí ins an Oileán Faoide le h-ais Beanntraighe. D'fhiafruigh comharsa dí conus a thaithn an áit léi. 'Sé seo an freagra a thug sí dó:-

Ní thaithneann na h-aírd liom ná bántacht na mísleacht
Agus ní bhfhuaras mo shláinte ó thánag do'n tír seo,
Ach iompiláil 'dir bhádaibh ó Baile Caisleáin go Faoide,
Is mar ar thaithghis do bhfearr liom 'dir Bhearnes is Buidhe Bheith.

Informant
Peats Thaidhgin
Gender
male
Language
Irish

Bhí Muirionn lá ag dul go Baile Caisleáin agus do bhuail duine des na Puxleys léi

" A Mhuirionn" ar seisean, abair bhéarsa dhom
"Ní fhéadfainn é", arsa Muirionn. Thóg sé amach pistol agus do bhagair sé uirthe é. Do labhair Muirionn annsan agus seo a dubhairt sí
Is éisec mise agus do b'annamh le béarra meath
Agus is aerach pistol ar chuisle Mhic Mheir na gceap.
Fear caorach d'ithe agus do thugadh ó sléibhte ba
An chéis de'n ithir an Phunann sa déis de'n tsraith
Is mithid dúinn na Conairtig seo dhíbirt uainn
Is fadó bhriseadar ár gcuisleanna 'gus ár maoin go luas
Sgrios nimh ortha do cuirfid iad go hióchtar tuain
Is gan fághail filleadh ortha go dtiocfaidh [?] is an Mhuing anuas.
"Ná habair a thuille a "Muirionn" ar sa san, ngusthig só leath-coróin [?]