School: An Chathair Mhór (roll number 13249)
- Location:
- Knockroe Middle, Co. Cork
- Teacher: Donncha Ó Súilleabháin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0274, Page 205
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Chathair Mhór
- XML Page 205
- XML “Muirionn ón Bhaoi”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- De'n clann Bhuidhe ~ Muinntear Uí Mhurchadha ~ do beadh Muirionn. Banfhile do beadh í.
Bhí Muirionn thiar ar cnoc éigin áirighthe lá amháin F'fheuc sí mór-thimcheall na háite agus so Síos a dubhairt sí:- Cím as an ionad in a bhfuilim,
Cnoc Oura agus Daod,
Mullach Mhiseis, an tUrthan, agus Árd Aé.
Cnochán na deirge mire agus an Chualach réidh,
Agus an tionad mar cuireadh an dá Pilib chun [?]Bhí Muirionn i mBuidhe uair agus bhí a mach i naoinfheacht léi. Agus iad ag dul siar Árd an Triustle tháinig sgalla gaoithe anoir adtuaidh agus do sgiob sé an caipín dá cheann.
Dubhairt Muirionn le na mac:-
Do dheineas caipín breágh duit,
Agus níor shásomh san gan súd,
Gan cros do chur 'na lár
Agus feirce chur na chúl,
Tá gaoth andeas is báisteach
Ag teach na tánríobh chughainn,
Agus ansúd go gheóbhair imbárach é
I bpoll an bháid sa chumhar.- Informant
- Peats
- Gender
- Male