Bhí sé ráidthe ages na seana daoine go bhfeicithí an chathair ar an dtaobh theas do Corrogha agus ag Muinntir Bhuidhe mór mhór maidean Bealtaine anois agus airís. An té thug é seo mar sgéal síos dom deir sé go bhfeacha sé féin bád sidhe ann maidean Bealtaine suas le dachad bliadhan ó thoin agus tá beirt dos na fearaibh a bhí i naoinfheacht leis ag maireachtaint fós chun a sgéil do dheimniú más gádh é. Bhí bád ó Fincaeil ag iasgach i nGarInis agus ní raibh puinn éisg ages báid ghá thógaint ann. Chuaidh bád na Fircaelach ó dheas. Bád na gCoinnealach do beadh í. An oidhche sin do thógadar trí mhíle éisg agus fuaradar dhá phunt an céad air. An oidhche chuige cuadhamarne agus ceithre báid eile i naoinfheacht linn agus chuireamar ár líonta go hárd lasmuigh do'n [?]Fiuthir Mhór. Sin é áit lastiar ó dheas ó'n Fircael. D'fhágamar an bád sa Fircael feistithe agus baoithóg uirthi agus bhí an oidhche tuitithe nuair a thanghamar abhaile. Dubhairt duine dos na fearaibh ba ceart dúinn bheith ann airís leis an lá. agus bhíomar ann ar eirghe gréine. Chuamar amach agus bhíomar ag cuardach ár líonta ar feadh tamaill mhaith. Fuaramar leastair de Corrogha iad agus fidán taoide ag pleidhe ortha. Chonnachamar bád bán lastair dínn agus seisear nó mór-sheisear fear innte agus éadac gorm ortha. Ach níor thógamar aon cómhartha díobh an uair sin. Shaoileamar gurab é an ghrian fé ndear é. Bhí an bád ag doimhniú i gcomhnuidhe agus dubhramar le na céíle go raibh go leór éisg aca.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »