Chuaidh fear ó'n dtír mór ag déanamh cleamhnais uair go Baoi.
"Cad é an spré geóbhad?" ar seisean
Seo a dubhairt athair an cailín:-
"Tabharfadsa féin mar spré dom' chailín óg,
Na carraigeacha géara ar thaobh na gCaluíoch Mór,
An Geadach, 'sa' Laoi, cun an méid sin bainne d'ól,
Agus an Tarbh dá naoracht agus ag géimrigh amach fé'n gceó.
An Geadac, an Laoi agus an Tarbh - trí carraigeacha móra leasthiar de'n Oileán Baoi. Tá tig solais ar an dTarbh anois.