Nuair a bhí Domhnall geall le claoidhte ag an Sasanach bhí a phictiúir thuas i ngach áit in Eirinn acht i gCiarraidhe. Agus é ar bhádh na Scealge tháinig cúig cinn d'átharaighe an tSasanaig timcheall air.
"Fuilig bheith gabhtha", ar siad leis.
"Táim toiltheamhnach leis", arsa Domhnall, "acht tagaidh annso ar bórd cúgham go mbeadh deoch fhíon' againn sar a dtógfaidh sibh mé"
Chuadar ar bórd agus dubhradar leis na mairnéalaí a bhí sa phinnasaí aca dul thar nais agus fanamhaint go nglaoidhfidís féin ortha.
Chuadar thar nais. Ní rabhadar abhfad ag ól an fhíona nuair a cheangal Domhnall iad agus chuir sé fé h-aistíbh iad. Nuair a thuit an oidhche annsan bhí leath bharaille taraig ar bórd ag Domhnall agus do las sé é agus do leig sé go breágh réidh san uisge é agus do mhúc sé a sholas féin agus siúd ó dheas thrí Súinte baoi é agus as san go Cuan na Cruinne sa Spáin.