School: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre (roll number 14813)

Location:
Ross Carbery, Co. Cork
Teacher:
An tSr. Áilbe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0308, Page 155

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0308, Page 155

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre
  2. XML Page 155
  3. XML “An tAthair Seán Paor”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí an t-Athair Séan Paor i na shagart próíste ar Chill 'ic Aibia agus Cill Fachtna Beag, agus fuair sé bás sa bhliain 1831. Bhí sé 'na chomhnuidhe ar an Cluaintibh idir Cuan Dor agus Léím, le h-ais an chul-bhothair, sa tigh mór atá ag Múintír Roycroft anois. Tá sé curtha i Roilig Ruis fé lic mhóir agus a ainm i mbéarla uirthi. Tugtar turus ann lá Shain Séain cé nach ar an lá san a fuair sé bás.
    Do cuireadh i na leith bheith an-naomhtha agus go raibh buadha agus comhacht leighis aige ó Dhia, moladh go deo leis. Ó Thula Naoscan i bpróiste Ruis a mhúintir. Ní dóígh liom go bhfuil aon ceann díóbh anois ann.
    Innstear morán scéal mar gheall air. Bhí fear darab ainm Légó 'na chomhnuidhe len 'ais, agus bhí gabhar ag an Athair Séan agus chuaidh sí thar teorainn ar bradghail i n-abhlórd Légó agus do lámhaig Légó an gabhar.
    Do beirtí ag triall air, (?) chláiríní agus daóine ar bharraibh, daoine gan luth a ngéag , agus do leighis sé iad. Do leighis sé mórán a bhí dall agus bodar, nú go raibh máchail ortha. Bhí "power" mór aige ó Dhia.
    Do dhein an t-Easpog - Michéal Ó h-Aodha - iarract ar na daoine a cosg o bheith a deanamh an turus. Dubhairt sé na raibh an t-Athair Séan ainmnighthe ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Dhonnabháin
    Gender
    Female