School: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre (roll number 14813)
- Location:
- Ross Carbery, Co. Cork
- Teacher: An tSr. Áilbe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Nuair a gheibheann tinncéirí bás tugaid tigearnaí talmhan, Orangemen 7 parsons go hIfrinn”
1) Nuair a gheibheann tinncéirí bás tugaid tigearnaí talmhan, Orangemen agus parsons go h-Ifrinn.2) Nuair a cuirtear duine, is ceart d'a ghaolta gabháíl treasna na h-uaige trí uaire - nó bás in ndán dóibh an bhliain sin.3) A lone bush is shelter for a soul4) Mí-adh - easóg a gabháíl treasna an bhothair ós do chomhair
Ádh - má thagann sí id' choinnibh ar dheis
5) Nuair do goideadh ím le piseóga sa t-sean-aimsir, do déin an té gur leis é iarracht ar é d'fhágáil tar n-ais arís. Uaireannta do chuiridis soch iarainn isteach sa teine an fhaid is a bhí bean a' tighe ag rádh paidir. Annsan thosnuigh sí ag deanamh na cuigine agus tháinig an t-ím tar n-ais. Uaireannta eile do chuireadar slat mór-timceall na meidre agus annsan bhaineadar cúpla casadh as, agus b'éígin do'n chailín a ghoid an t-im, teacht agus iarraidh ortha stad de'n casadh agus go dtabharfadh sí an t-ím tar nais.
6) Is féídir le daoine áirithe súil mhalluithe a chur ort agus loitfeadh an droch-fhéáchaint sin bó no aon rud eile7) Do lámha do nighe istig sa tig agus gan an t-uisge do dortadh amach8) Is milse an salann ná an siúicre, tá níos mó buadh aige(continues on next page)