School: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre (roll number 14813)

Location:
Ross Carbery, Co. Cork
Teacher:
An tSr. Áilbe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0308, Page 123

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0308, Page 123

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre
  2. XML Page 123
  3. XML “Cliodhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí taoiseac 'na cómhnuidhe idir Ros agus Léim. Geannan a bhainm do Glaodhtar Dun Geannan ar an áit sin anois. Bhí inghean amháin aige darbh ainm dí Clíodhna. Lá amháin bhí sí ag snámh i gCúan Ruis, agus do bádhadh ann í, annsan chuaidh sí chun cómhnuidhthe mar bhean sidhe go carraigh atá in 'Abha na h-Inse' áit go nglaodhtar Carraig Clíodna air anois.
    Bhí Rí in Éirinn darbh ainm do Séumas agus bhí aon mhach amháin aige. Séan a bhainm do agus b'é an fear ba bhreaghtha ar domhan é. 'San am céadna bhí Rí i nGréig agus bhí inghean aige agus b'í an cailín ba bhreaghtha a bhí sa domhan. Núair a chúala sí trácht ar Shéain fuair sí cead ó 'na muinntir teacht go h-Éirinn cun é d'fheiscint. Núair a tháinig sí go h-Éirinn do chonnaich sí Séan, agus do thuit sí i nGrádh leis agus do pósadh an bheirt aca. Is ar mhuin capaill cúadhar go dtí an Seipéal agus núair a bhíodar ag teacht abhaile do fuair an capall barra-thuisle, agus do thuit an bheirt aca ar an dtalamh. Thuit an cailín i laige agus núair a tháinig sí cúiche féin ní raibh aon tásc no tuairisc de Séan le feiscint. Bhí sí an-thrí na céile agus ceap sí gur chuaidh sé abhaile. D'imigh sí léi abhaile agus ní raibh aon tuairisc le fághail in aon áit. Bhí an lion tighe an-bhrónach ar feadh na h-oidhche, agus maidin lá ar na bhárac
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Sighle Ní Donnabháin
    Gender
    Female
    Informant
    Séamus O Donnabháin
    Gender
    Male
    Age
    78
    Address
    Downeen, Co. Cork