School: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre (roll number 14813)

Location:
Ross Carbery, Co. Cork
Teacher:
An tSr. Áilbe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0308, Page 117

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0308, Page 117

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre
  2. XML Page 117
  3. XML “Naomh Fachtna Pátrún Ruis”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Duine des na Naomhaibh b'iongantaighe a b'eadh Naomh Fachtna. Rugadh i gCo. Chorcaighe é sa' sémhadh aois. Tugadh Mac Mongach mar ainm air go minic - b'fhéidir go bhfuair sé an tainm sin ó n-a athair nó b'fhéidir go raibh an tainm sin air ó lá a bhreithe mar rugadh é agus a lán gruaige ar a cheann do réir an sgéil. Nuair bhí sé óg bhí sé fé churam Naoimh Íte agus gan dabht 'sí a mhúin na suibhaileidhe (1) móra a bhí í gcroidhe an fhir óig nuair d'fhás sé suas. Tar éis tamaill do chaitheamh fé chúram Íte chuaidh sé go coláiste a bhí ag Loch Eirce in aice Corcaighe. Ag fágáint na scoile sin dhó chuir sé ar bun Mainistir Mholana in aice Eochaille ach tamaillín 'na dhiaidh sin d'fhill sé go dtí a áit dhuthchais agus chuir sé ar bun an coláiste clúmhail sin, Coláiste Ruis. 'Sa tsean-aimsir tugadh Ros Ailitir ar an gcoláiste mar gheall ar na sluaighte mac léighinn a thagadh ann ó gach áird 'sa domhan.
    Áit an-oireamhnach do Coláiste is eadh Ros mar tá sé suidhte cois na fairrge, ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people
        1. factions (~230)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Donnabháin
    Gender
    Female