School: Tóchar, Dunmaonmhuighe (roll number 7270)

Location:
Togher, Co. Cork
Teacher:
Riobárd Mac Peadair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0306, Page 086

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0306, Page 086

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tóchar, Dunmaonmhuighe
  2. XML Page 086
  3. XML “Scéal Greannmhar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag suirghe le cailín deas. Thagadh an fear óg gach lá go tig an cailín cun í d'feisgint agus gach uair a thagadh sé gheibeadh sé beile mhaith o'n gcailín agus dhá ubh beirhbhithe. Bhí an sgeál mar sin ar feadh bliadhna no mar sin agus annsan thánaig fuacht agus leaghadh ar an grádh.
    Do chuir an cailín an dlighe ar an bhfear óg mar gheall ar an méid a bhí sí cun deireadh sa tsaoghal dá bhárr an méid ubh a bhí ithte aige uirthi. Nuair a thuig an fear cad a bhí deanta aici thuit a luig ar a lag air. 'Sé dúbhairt an cailín na go raibh sí trí céad púnt cun deire sa tsaoghal mar dá gcuireadh sí na h-uibheacha ag gor go mbeadh ana chuid sicíní idir eilíni agus coiligh aici. Dfeadfadh sí na coiligh do dhíol ar a lán airgid agus do bheirfidís na h-eiliní ana cuid ubh.
    Bhí an fear óg i gcruaidh cás agus ní raibh a fhios aige cad ba cheart dó a dhéanamh lá amháin do raibh sé ag gábhail an bóthair casadh Éoghan Ruadh Ó Shuilleabháin air. D'fhiafrugh sé de'n fhear cad a bhí ag déanamh búartha dhó. D'innis an fear a sgéal do agus 'se an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Miceal Ó Chuilleáin
    Gender
    Male