School: A Cnoc Buí, Drom Dhá Liag (roll number 9588)
- Location:
- Knockeenbwee Lower, Co. Cork
- Teacher: Dd. Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thuit á mallacht siúd ar an gclann agus ríamh ó shoin chidhtear an braon ag tuitim anuas as an lochta (braon fola ?) agus pé duine sheasadh fé seoilfí a cheann.Tá sé i mbealoideas na ndaoine nár chuireadh díon ríamh ar an árus seo. Do réir scéil d'fuil na "gcreach" a deineaedh an mairtéal d'fhluichadh, agus ar feadh na h-oidhche seadh bhíodh na saoir á thógaint. Thárla go raibh sean-bhean ag caitheamh uisge na gcos amach oidhche agus chonnaic sí na céardaithe ag obair, agus ó shoin i leith níor chuireadar cloch ar a bharr.Daoine na "Donnabhanaig Dearga" go raibh eagla ar chách rómpa mar deirtear go gcaiteadh an sagart fanamhaint leó ar an áltóir Dé Domhnaig chun go mbeidís i láthair sa tseipeál roimh tosnú Aifrinn dhó.(continues on next page)
- Collector
- Diarmuid Ó Ceallaig
- Gender
- Male
- Informant
- Domhnall Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Address
- Dromasta, Co. Cork