School: An Dúinín (roll number 4444)
- Location:
- Dooneen, Co. Cork
- Teacher: R. Ó Motharua
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Dúinín
- XML Page 147
- XML “Cogadh na nDeachaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Le linn an chogaidh seo, d'eirig gráscar idir na báillí agus feirmeoiri na h-áite ag Tráigh Líogach ar an dtaobh theas de pharóiste an Ghleanna. Is amhlaidh a chuaidh na báilli, na póilíní agus saighdiúirí ann, maidin áirithe sa bhFómhair cun earraí agus caoire do bhreith leo in ionad cánach.
Do sheas muinntir na h-áite le ceile in a gcoinnibh ach má sheas, d'ionnsuig na saighdiúirí iad. Marbhuigheadh fear amháin darab' ainm dó ÓRéagáin - tá sé curtha sa roilig ag Cuan Caisleáin agus leac os a chionn - Goineadh beirt no triúr eile agus lámhachadh pílear amháin. Bhí an pílear sínte i log uisce ar an dtráig agus bhí an t-uisce cómh dearg le fuil ó'n doirteadh fola. Deirbhsiúr an fhir abhí marbh, darb' ainm di Nell Ruadh, bhí sí ar a glúinibh ad' iarraidh an pílear do mharbhú. Do shaith sí cloch dhubh siar in a scórnaigh. Do ghlaoidh sé amach, "Mercy! Mercy! "Mercy an diabhail ort", do fhreagair Nell. Tá rann againn fós idtaobh an eachtra:-
"Bhí an pílear sínte siar gan snag
Agus cloch mhór chíor in a chlab"
Ní dóithighe rud, ná go ndéanfaí a thuille díoghbhála ach thánaig an sagart an treo - An t-Athair Traoi[?] - agus Coirnéal Somerville o Baile'n Chaisleáin in a theannta. Do stopadar an troid. Sin é an chúis go ndubhairt file:-
"Mara mbeadh an buinneán fíor-uasal
Agus an sagart ba mhór é le rádh
Do leanfaí go teasaidhe ó thuaidh iad
Is déanfaí dhóibh pluais ar an dtráig"(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Shiothcháin
- Gender
- Female
- Age
- 30
- Address
- Bawnishall, Co. Cork