School: An Dúinín (roll number 4444)

Location:
Dooneen, Co. Cork
Teacher:
R. Ó Motharua
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 113

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 113

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Dúinín
  2. XML Page 113
  3. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá ceárd áirithe againn nár éag fós, agus is é ná caoladóireacht nó déanamh na gciseán. Tá caoladóir in aice na scoile darab ainm dó Stíophán De Barra. Is fuirist tigh an chaoladóra d'aithint, mar cítear na meatháin sailighe ag fás in aice an tighe. Seo mar a dheineann sé an obair. Ar dtúis bíonn clár adhmaid cearnógach aige agus bíonn sreath poll timcheall an chláir. Bíonn na meatháin righnithe aige ar dtúis, agus cuireann sé ceann des na meatháin reamhra ins gach poll. Tosnuigheann sé ag an gcuid ar a tugtar "BUN AN BHÉIL." agus deineann sé ocht dtimchill déag de chaoláin. Annsan deineann sé na "FUINNEÓGA" agus annsan deineann sé "BUN NA TÓNA" agus ar deire cuireann sé an "TÓN" féin ann. Má's ciseán i gcóir feamna é, bíonn an tón déanta de mheatháin leis, ach má's i gcóir gainmhe é bíonn sé déanta d'adhmad.
    Geibheann sé trí scillingí agus raol i gcóir an chiseáin feamna agus leath-choróinn ar an gciseán gainimhe. Timcheall na h-áite seo úsáidtear na ciseáin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish